Éilís, an bhanríon

Bhí cumhacht aici nach mbíonn ag an ngnáthdhuine

Bhí sí ina suí ar a cathaoir ríoga níos faide ná aon duine eile a chuaigh roimpi. Is de ghlantimpist a cuireadh ann í ar nós gach pearsa ríoga eile. Mura mbeadh gur tháinig deireadh le réimeas leathghaoil léi, ní bheadh inti ach banphrionsa eile le teideal éigin nach gcuimleodh leis na leabhair staire ach amháin mar fhonóta.

Mar a tharla, d’fhás cultas pearsanta timpeall uirthi i gcaitheamh na mblianta. Nuair a corónaíodh i Mainistir Westminster í bhí inneall uile an stáit ina bhun. Séideadh trumpaí, seinneadh orgáin, bualadh drumaí, thútaíodh ar fhliúiteanna agus didlíodh ar fhidilí agus bhí na mílte amuigh ar na sráideanna chomh tiubh le feithidí. B’é ba shuaithinsí nach raibh sí ach a 25 nó a 26 de bhlianta d’aois nuair a leagadh na cúraimí sin uirthi.

Ba lánoiriúnach an mana a bhí aici ‘video et taceo’, nó daoibhse nach bhfuil focal Laidne in bhur bpluca, ‘feicim agus coinním mo chomhairle féin.’ Níor dhrochurlár tuisceana é sin do dhuine ar bith a raibh oiread sin cumhachta aici.

Tar éis an tsaoil, bhí cumhacht aici nach mbíonn ag an ngnáthdhuine, óir níor ghnáthdhuine a bhí inti. Is ó Dhia anuas a fuair sí an t-údarás, agus is maith mar a thuig sí an méid sin. Seo in ainneoin na timpiste a leag ann í, ach shocraigh Dia an méid sin, leis. Bhí de chumhacht aici gach príomhaire a bhriseadh as a phost, cé go raibh sí mór leo tríd is tríthi, b’fhéidir léi urghaire a chur i bhfeidhm ar aon acht parlaiminte a roghnaigh sí, fág nár ghá sin mar bhí sí ar aon intinn leo ar an mórchóir (nó níl fios a mhalairte againn).

READ MORE

Chuaigh dílseacht iomlán na parlaiminte chuici ar bhonn údaráis, fara le ceannas ar na heaspaig go léir de chuid na heaglaise bunaithe, gan trácht ar í a bheith ina ceann ar an eaglais sin le hoidhreacht. Dise, leis, a ghabh dílseacht a cuid saighdiúirí a fuair bás ar son na corónach i dtíortha teo lasmuigh ansin faoi luí na gréine. Is í, leis, a bhí os cionn na dlí, óir b’aisti a thuismigh is a shoilsigh an dlí beag beann ar aon reacht a ritheadh. Chuige sin gur géillsinigh a bhí ag umhlú síos di agus ag déanamh lúitéise agus comharthaí ómóis seachas d’aon duine eile a bhí chomh maith nó níos fearr ná í faoi shúile Dé agus na spéire lasnairde.

Bhíodh scríbhneoirí agus drámadóirí ag triall chun an pháláis chuici ag iarraidh gradam agus ridireachtaí, éileamh a d’fhreagair sí go binn le cuimilt den chlaíomh ar ghualainn agus le teideal snasta nach mbronnfadh an saol ariamh orthu. Cuid de na scríbhneoirí sin, bhí ardcháil orthu, go leor acu ar a laghad ar aon chéim le Harold Pinter nó le Tom Stoppard, nó sin é a measadh.

Ní raibh aon bheann aici ar neamhspleáchas na hAlban, agus i leataoibh uaidh sin, d’éirigh lena rialtas cogaí a fhearadh ar fud cheithre hairde na cruinne in aghaidh na mbundúchasach nach raibh ‘civilitie’ fachta fós acu. Chuir a pobal go tréan in aghaidh na hEorpa agus bhí loingeas cosanta agus cogaidh le feiscint go lánmhar ar Mhuir nIocht ar eagla go dtruailleofaí íonghlaine na tíre.

I dtreo dheireadh a réime is a laethanta abhus thit an caighdeán maireachtana diaidh ar ndiaidh, agus b’éigean mórán fóirdheontas tarrthála a thabhairt do ghnólachtaí éagsúla.

Nuair a fuair sí bás ar an 24 Márta 1603 agus nuair a ghluais a cónra trí Londain i ndiaidh cóisir chapall ndubh bhí mórán goil is olagón i measc a muintire ionas gurbh é dícheall cibé Séarlas nó Séamas a tháinig ina diaidh a glóire a leanacht.

Ní mór idir na haimsirí.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar